Thursday, December 30, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 17 -- Matt Molloy's i gCathair na Mart

Is maith liomsa na Chieftains. Mar sin, b'éigean dom cuairt a thabhairt ar teach tábhairne Matt Molloy's i gCathair na Mart.

Tá trí sheomra ann. Seo chugat beár sa seomra tosaigh. Gliogáil le méadú agus féach go cúramach! Tá mise ag ól pionta Guinness sa scáthán thuas ar an taobh deas.


Beár sa seomra láir.

Seomra an cheoil.




Cúinne na gceoltóirí.



Wednesday, December 29, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 41 -- Slán le Miúinich

Bhaineamar Miúinich amach Dé Domhnaigh, agus bhuail lenár n-iníon ag an Aerfort Dé Céadaoin. Bhí sise in Istanbul ag rang ollscoile roimhe sin.
Ar an Déardaoin, d'fhágamar slán le Miúinich agus chuaigh go Salzburg ar an traein, turas uair go leith.

Gligeáil le méadú, le do thoil, agus feicfidh tú spuaic eaglaise Ostarach. Chonaic mé spuaiceanna mar sin ar fud na tíre.





Chonaic mé blathanna i mboscaí faoi na fuinneogaí i ngach áit san Ostair. Go hálainn, dar liomsa.


Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 16 -- Ar barr Knocknarea






















Tuesday, December 28, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 40 -- Königsplatz



Bhí an lá te. Chuamar ar U-Bahn go Königsplatz. Ba mhaith liomsa cuairt a thabhairt ar Alte Pinakothek, gailearaí ealaíne breá atá gar don Platz.
Rinneadh Königsplatz sa 19ú céad, agus tógadh foirgnimh den stíl Nua-Chlasaiceach ansin. Is músaem iad anois.
Nuair a bhí Hitler i réim, chuir na Nazis clocha pábhála ar an talamh agus bhí crunnithe ollmhóra acu sa Platz. Anois, tá féar ann.
Bhí Alte Pinakothek go hiontach, ach ní raibh an t-am agam dul isteach sa músaeim eile.
Caithfidh mé dul ar ais go Miúiních arís lá éigin.

Ceol maith ar an tsráid i Miúinich


Bhí ár ndinnéar againn ag biergarten amuigh san aer. Chuala mé ceol maith i bhfad uainn agus muid ag ithe na n-ispíní; cheap mé go raibh dlúthdhiosca de cheoilfhoireann mhór ar siúl ar an taobh eile den tsráid.

Chuaigh an ghrian faoi, agus shiúlamar trasna na sráide le teann fiosrach.

Ní raibh dlúthdhiosca ann, ach ceathrar i mbun ceol binn deas -- Mozart, Vivaldi, Bach, srl. Bhí siad ar chúl balla coincréitigh -- fuaim iontach ansin.
Bhí dlúthdhiosca ar díol acu agus cheannaigh mé ceann -- tháinig na fir uilig as Oirthear na hEorpa, agus is ceoltóirí gairmiúla iad.
Níor chuala mé ceol mar sin amuigh ar an tsráid ríamh.

Thursday, December 16, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 15 -- Bealach go Knocknarea

Tá Knocknarea gar do chathair Sligeach. Is féidir siúl suas chuige, ach caithfidh tú dul trí fheirm. Bhí ainmhithe ansin -- capaill, ba, agus madra beag, iad ar fad dár gcoimhéad. Rith an madra suas is síos ar sála na dturasóirí. Garda oifigiúil é, an madra sin.



















Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 38 -- Túr Naomh Pheadair

Tá túr eile ag Marienplatz -- Eaglais Naomh Pheadair. Tá an túr sin ard, agus níl ardaitheoir ann. Lá geal álainn a bhí againn.




Residenz agus Theatinerkirche.


Englischergarten. Ar an drochuair, ní raibh an t-am againn dul ansin.


Marienkirche agus túr Olympic i bhfad uainn ar an taobh deas.



Fischbrunnen agus neuesrathaus.


Friday, December 3, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 37 -- Botanischer Garten


Tá gairdín mhór bhreá i Miúnich, siúl míle álainn tríd an gcoill ó Phálás Nymphenburg. Tá tuairim is deich teach gloine acu, lán de phlandaí ó gach áit sa domhan. Tá duilleogaí báite ón Aifric agus ó Mheiriceá Theas sa cheann seo thuas. Tá cuid acu cúig dtroigh trasna.




Déantar criodóireacht ag Nymphenburg. Tá dhá éan mór criaga sa phictiúr seo.






Friday, November 26, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 36 -- Rauchen kann tödlich sein



Is fuath liom an tobac. Chonaic mé go leor leor daoine a chuaigh san uaigh ag aois ró-óg mar gheall ar an ailse agus daoine eile nach féidir a anáil a tharraingt go maith mar gheall ar na toitíní. Agus na taomanna croí, na géaga dá gcailliúnt, srl.

Nuair a bhí mé ag Aerfort Copenhagen i 2007, chonaic na fograí thuas ar bhoscaí toitíní. Fógraí an-deas, dar liomsa.




Chonaic mé an fógra seo ar bhalla i lár Mhiúinich. "Rauchen kann tödlich sein" -- is féidir leis an tobac a bheith marfach, nó rud mar sin. Smaoineamh an-mhaith, dar liomsa.

Monday, November 22, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 14 -- Túr Mhic Cárthaig ag Clonmacnoise




Tá cloigtheach eile ag Clonmacnoise, ach níl sé chomh mór le Túr Uí Ruairc.

Ón "Treoir do Chuairteoirí" a fuair mé san áit --


"Ag dul síos go dtí an chuid den reilig is gaire don tSionainn, tagaimid ar an eaglais ón 12ú aois agus ar an gcloigtheach beag atá ceangailte léi i dTeampall Fhinín, ar a dtugtar freisin Eaglais Mhic Cárthaig. Tá sí ar an mbeagán eaglais i gCluain Mhic Nós a bhfuil corp agus córlann ar leith inti. Is dóigh gurb é an dáta 1160-1170."

Friday, November 19, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 13 -- Túr Uí Ruairc ag Clonmacnoise

Gliogáil le méadú, le do thoil. Tá dhá chloigtheach ag Clonmacnoise. Is é an ceann is mó é Túr Uí Ruairc.

Tabhair faoi deara an ionad cuarteoirí ar an taobh clé den phictiúr.
Tá sé go deas.
Túr Uí Ruairc ó bhruach na Sionnainne.





Chuamar go Clonmacnoise go moch ar maidin, roimh na busanna. Ní raibh daoine eile ansin agus bhí an áit ciúin is go hálainn.




Thursday, November 18, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 12 -- Cloigtheach i gCill Dara

Go bhfios dom, níl ach dhá chloigtheach in Éirinn is féidir dul suas ann. Is é seo an ceann atá i gCill Dara, ar chúl na heaglaise. Bhí na daoine an-deas -- seanfhear a bhí ina fheidhmeannach ag an músaeum san eaglais agus a dheirfiúr a thug airgead ó na turasóirí ag bun an túir.

Tá ocht nó naoi ndréimire istigh sa túr, más buan mo chuimhne.


Bhain mé an barr amach. Radharc álainn de Chontae Chill Dara. Níl a fhios agam ar an fáth a bhfuil fál sreinge ann -- cosaint ar na héin? ar an ngaoth? ar an bhféinmharú??

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 35-- Schloss Nymphenburg



Na blianta ó shin, bhí Schloss Nymphenburg, Pálás Rí an Bhaváir, amuigh faoin tír. Anois, tá sé sa chathair agus chuamar ansin ar thram. Níl na foirgnimh suimiúil, ach tá gairdíní iontacha ann. Chaitheamar leath an lá ansin.
Tabhair faoi deara go bhfuil ealaí san uisce. Ba shiombail de ríthe an Bhaváir iad na healaí.

Tuesday, November 16, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 11 -- Eachtra bheag i gCeathrú Mhór

Gliogáil le méadú, le do thoil, agus feicfidh tú ba i bfhad ó na clocha.
Bhí mise, mo dheirfiúr is m'iníon ag feiceáil ar an dolmán agus chualamar béic. Ach ní raibh duine le feiceáil againn. Leanamar an bhéic agus chonaic fear ar an talamh i bhfad uainn. Seanfhear a bhí ann, a thuit anuas go talamh cúpla uair roimhe sin agus ní raibh sé in ann seasamh. Shnámh sé tríocha nó daichead troigh suas ar chnoc le deacracht.
Ba léir dom nach raibh cnámh briste aige. Ghlac m'fhear lena dhroim agus thug mé mo lámha dó agus bhíomar in ann é a éirí ina sheasamh. Shiúil mé thíos an cnoc agus tharraing a mhaide as an láib.
Shúileamar taobh leis ar feadh tamaill, ach bhí sé slán agus d'fhágadar slán aige.

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 10 -- Reilig na Ceathrú Móire

Tá Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire gar don chathair Sligeach. Mar sin, bhí a lán turasóirí ag an ionad cuairteoirí. Thugamar turas tionlacha ar chúl an ionaid agus fuair mapa le treoir go dtí an Ceathrú Chaol ansin.
Níor chuaigh na turasóirí trasna na sráide, áit ina bhfuil clocha suimiúla idir na feirmeacha. Is maith liomsa an slua a sheachaint, agus mar sin shiúileamar go dtí an taobh thall den tsráid.

Seo chugaibh cúpla pictiúr a thógamar ansin.