Saturday, September 22, 2012

Portlaoise, Mo Léan!

           Rinne mise, m'fhear céile, agus mo mháthair cuairt go hEirinn i Mí Lúnasa. Chuaigh go Port Laoise. Tá lár na cathrach bocht ...foirgnimh folmha, siopaí dúnta. Chuir mé an milleán ar cúlú geilleagar na tíre.
           Tráthnóna amháin, chuaigh mise is m'fhear amach ar siúl tríd an gcathair. Chonaic fógra i bhfuinneog chógaiseora-- "Support Local Business". Sin rud a fheicim go minic i mo chathair féin, Bellingham.
     Chaithimid an coirnéal agus chonaic an chúis a bhfuil an seanchathair ag dul in éag --



Cá bhfuil mé???  Meiriceá, an ea?  Ní hea.  Portlaoise an áit.

  Tá 1200 áit pháirceála sa mall, faoi thalamh.
 

 
 http://www.laoisshoppingcentre.com/

      D'oscail mall inár gcathair féin i Meiriceá sna hochtaidí, agus tá roinnt siopaí follamh i lár na cathrach go fóill.


Monday, November 21, 2011

Lacha le díol





In aice le mo seomra codlata tá clóiséad agam agus é ina phraiseach ceart. Thosaigh mé á ghlanadh an seomra seo caite. Tháinig mé ar an lacha seo; ba dhuais é i raifil fiche bliana ó shin. Chuir mé ar Ebay é, le díol ar cheant.

Dúirt m'fhear liom nárbh fhiú pingin amháin an lacha seo, toisc go bhfuil a sciathán briste.

Ach thug duine ag Ollscoil Oklahoma dom $12.50 air!

Thursday, October 20, 2011

Sualannach le linn óiche

Bhí mé i mo Shualannach ar feadh na oíche Dé Sathairn seo caite. D'oibrigh mo bhanna ceoil ar damhsa mór i Seattle. Seo chugaibh sampla d'fhidléireacht ar nós na Sualannach --


Sunday, August 28, 2011

Ar an mbóthar arís

Tá post samhraidh ar m'iníon gar don chathair seo. Chuaigh mé ansin ar an traein ar an deireach seachtaine.
An bhfuil a fhios ag duine ar bith? Cá raibh mé?
Bhí sé te. Tá siopa leabhar iontach sa chathair seo.


Wednesday, July 20, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 51 -- Fógraí i mBratislava

Rugadh mo sheansheanathair i Vel'ké Rovné i dtuaisceart Slóvakia. Ní raibh ainm a bhaile ar eolas ag a shliocht go bliain ó shin, nuair a fuair mé a fhógra báis (scríofa sa Slóvacach i tSiceágó sna tríochaidí) i mbosca ag teach mo thuismitheoirí. Chuir mé Béarla air, le cuidiú Foclóra, Graiméir Rúisis, is "Google Translate".
Chuamar ó Wien go Bratislava ar mbád trasna na habhann Donau maidin Domhnaigh agus chaith mé lá sa chathair. An-suimiúil, ach ní raibh mé in ann dul go Vel'ké Rovné.
Tá an fógra seo léir.


Tá an ceann seo cáiliúil. Bhí sráideanna na cathrach follamh maidin Domhnaigh, ach bhí na heaglaisí lán go béal.




Ar fud an domhain...


Huh??

Sunday, July 17, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 50 -- Wien Stephansdom

An chéad lá i Wien, chuamar go Konzert im Mozarthaus san oíche. Tá go leor Mozarthaus i Wien; ghluais Wolfgang ó háit go háit. Tá ár Mozarthaus suite in aice le Stephansdom, ardeaglais de Wien. Bhí an túr faoi dheisiú.


Cliceáil le méadú agus feicfidh tú ainmhithe ar an mballa. Nílim cinnte ar an fáth a bhfuil clochanna na heaglaise chomh dorcha sin, ach dódh an áit ag deireadh an dara cogaidh domhanda. Thit an díon anuas go talamh ag an am agus cailleadh na fuinneoga gloine deasa a bhí ann.




Díon nua.



Ní thuigimse an bhrí le 'F.I. 1831'.




An túr.










Sunday, June 19, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 32 -- Druim Chliabh

Cuireadh W. B. Yeats sa reilig ag Druim Chliabh. Tá seaneaglais bhreá ansin. Is maith liomsa na healaí ar an doras.


Deirtear go ndearnadh an cros seo sa 11ú nó 12ú céad, de réir Ardmhúsaem na hÉireann. Cliceáil le méadú. Nuair a bhí mé ag an Músaem, chonaic mé cóip de ansin. Is mór an trua é nach bhfuil cosaint ar an aimsir ag an gcros ag Druim Chliabh.



Deirtear go ndearnadh an cloigtheach seo sa 10ú nó 11ú céad agus bhuail splanc thintri é sa bhliain 1396.



Cuireann Ben Bulben na 'mesas' d'Arizona i gcuimhne dom.