Wednesday, July 20, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 51 -- Fógraí i mBratislava

Rugadh mo sheansheanathair i Vel'ké Rovné i dtuaisceart Slóvakia. Ní raibh ainm a bhaile ar eolas ag a shliocht go bliain ó shin, nuair a fuair mé a fhógra báis (scríofa sa Slóvacach i tSiceágó sna tríochaidí) i mbosca ag teach mo thuismitheoirí. Chuir mé Béarla air, le cuidiú Foclóra, Graiméir Rúisis, is "Google Translate".
Chuamar ó Wien go Bratislava ar mbád trasna na habhann Donau maidin Domhnaigh agus chaith mé lá sa chathair. An-suimiúil, ach ní raibh mé in ann dul go Vel'ké Rovné.
Tá an fógra seo léir.


Tá an ceann seo cáiliúil. Bhí sráideanna na cathrach follamh maidin Domhnaigh, ach bhí na heaglaisí lán go béal.




Ar fud an domhain...


Huh??

Sunday, July 17, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 50 -- Wien Stephansdom

An chéad lá i Wien, chuamar go Konzert im Mozarthaus san oíche. Tá go leor Mozarthaus i Wien; ghluais Wolfgang ó háit go háit. Tá ár Mozarthaus suite in aice le Stephansdom, ardeaglais de Wien. Bhí an túr faoi dheisiú.


Cliceáil le méadú agus feicfidh tú ainmhithe ar an mballa. Nílim cinnte ar an fáth a bhfuil clochanna na heaglaise chomh dorcha sin, ach dódh an áit ag deireadh an dara cogaidh domhanda. Thit an díon anuas go talamh ag an am agus cailleadh na fuinneoga gloine deasa a bhí ann.




Díon nua.



Ní thuigimse an bhrí le 'F.I. 1831'.




An túr.