Tuesday, March 29, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 29 -- Ceann Léime

Lá amháin chuamar i gcarr timpeall ar Iarthar Chláir. Tá Ceann Léime ag deireadh an bhóthair. Chonaic mé gruaig na maighdean mhara ansin. Cliceáil le méadú.

Tá droichead nádúrtha ann.


Bhí capaill ag innilt. Ba chuma leosan an radharc.


Ar fud na hÉireann, chonaic mé fógraí a dúirt 'Loose Chippings'. Sa deireadh, d'aimsigh mé foinse na 'Loose Chippings' in aice leis an teach solais ag Ceann Léime.

Sunday, March 20, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 28 -- Baile an Tobair

Chuamar go Mainistir Bhaile an Tobair. Bunaíodh sa 13ú céad é. Deirtear gur thosaigh Naomh Pádraig ar a shiúl go Cruach Phádraig anseo. B'fhéidir go raibh na clocha seo thuas i mbóthar ársa.



















Wednesday, March 16, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 27 -- Cruach Phádraig 3

Cliceáil le méadú agus feicfidh tú Leaba Naomh Pádraig.

Siúl trí uaire go leith a bhí ann, más buan mo chuimhne. Tá séipéal beag ar an mbarr.


Radharc ó bharr an sléibhe.

Radharc eile.








Tuesday, March 15, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 26 -- Cruach Phádraig 2

Tá an dara cuid den chosán beagnach éasca.

D'fhéach mé an dara cuid thíos fúm óna clocha.
Tá an treas cuid lán de chlocha agus tá sé deacair, contúirteach.

Radharc de Mhaigh Eo.

Radharc den dara cuid, Clew Bay. Cliceáil le méadú.

Tosú den treas cuid.


Gar don bharr. Rí-dheacair anseo.




Monday, March 14, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 25 -- Cruach Phádraig 1

Bhí an t-ádh orainn an lá a bhíomar i gCathair na Mairt. Lá breá geal a bhí ann. Thosaíomar ar an sliabh ag a deich a chlog ar maidin. Fuair maidí ar chíos ó fhear sa loc carranna.

Tá trí cuid ann -- tá an chéad chuid lán de chlocha cruinne; b'fhéidir gurbh abhainn tirim í.

An chéad chuid thíos agus an dara cuid thuas. Tá an dara cuid níos cothroma agus níos éasca. Níl bróga ar an bhfear óg seo. Cliceáil le méadú. Bhí cuileoga sa dara cuid a bhainfidís greim asat.




An chéad stáisiún anseo, ach ní fhaca mé daoine ag guí an lá sin. Cliceáil le méadú.

Monday, March 7, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 24 -- Séipéal Chormaic

Sarcófagas sa séipéal. Chuir sé na Lochlannaigh i gcuimhne domsa.

Doras agus ainmhí os a cionn. An muc é? Nó capall?

Doras eile. Tá Séipéal Chormaic ar Carraig Phádraig i dTiobraid Árann. Tógadh sa 12ú céad é ag Cormac MacCárthaig, Rí an Deasmhumhan.

Ainmhí os cionn an doirse. Clioceáil le méadú. B'fhéidir gur leon é.




Bhí péint ar na ballaí na blianta ó shin. Tá rialtas na hEireann á dheisiú anois.











Saturday, March 5, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 23 -- Mainistir na Maighne

Ar bhruach na Maighne, i gContae Mhaigh Eo, tá Mainistir na Maighne suite, i measc na bhfeirmeacha. Cliceáil le méadú.















I ndiaidh ár gcuairte ar na mainistreacha, bhíomar caillte i Maigh Eo. Tháinig tarracóir agus bhí orainn an bealach a fhágáil ar feadh nóiméid.

Ní raibh imní orainn. Má tá tú caillte i Maigh Eo, téigh go crosbhóthar, agus lean an bóthar is mó. Téigh go crosbhóthar arís, agus lean an bóthar is mó arís. Srl, srl. Beidh tú i mBallina gan mhoill.




Tuesday, March 1, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 48 -- Staatsoper

Bhaineamar Wien amach roimh nóin. Bhí seomra againn gar don Staatsoper. Mar sin, shiúileamar ansin. Tá turas tionlactha i mBéarla acu gach lá. Is maith liom an cheoldrámaíocht. Níl ceoldrámaí i Wien sa samhradh, faraor. Caithfidh mé dul ar ais lá éigin.

Tá bosca le fotheidil ag gach suí, agus do rogha de theangacha agat -- Béarla ina measc.






Ar chúl an stáitse.




Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 47 -- ó Salzburg go Wien

Cliceáil le méadú agus feicfidh tú go bhfuil an traein ar an sprioc go cruinn. Is annamh a bhíonn Amtrak mar sin. Bhí an traein Ostarach go han-deas agus cheannaigh mé ár dticéid roimh ár n-imeacht as Meiriceá.
Spuaic Ostarach i mbaile beag.

Feirmeacha.


Bhí sé ag cur báistí. Linz Hauptbahnhof.



Fáilte go Wien!