Tuesday, February 22, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 22 -- Ros Eirc




Cliceáil le méadú, le do thoil. Tá Mainistir Ros Eirc ar bhruach Abhainn na Muaidhe i gcontae Mhaigh Eo, i measc na bhfeirmeacha.


Féach go cúramach, agus feicfidh tú cloigtheach ar an gcuaille ar an taobh clé. Is umar nó 'piscina' é seo.




Ceann de na haingil os cionn an t-umair. An-deas, dar liomsa.





Tá na clocha sa bhfuinneog seo go han-mhaith. Agus tá aingeal eile le feiceáil ar a taobh.

Tuesday, February 15, 2011

Váls Sara is Mats le Dansaspel

Rinne mo bhanna ceoil, Dansaspel, ár gcéad fhíseán ceoil ag damhsa i Norway Hall i mBellingham Dé Sathairn seo caite. Mise fidléir na harmóine. Caithfidh a bheith armóin ag banna Sualannach.
Chum Anders Eriksson an váls seo mar bhrontannas bainise do Sara is Mats.




Tá maindoilín is accordion sa bhanna chomh maith, ach ghearr an bogearraí iad amach, ní thuigim cén fáth.

Monday, February 14, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 46 -- Faoin Ardeaglais Salzburg

Tá Salzburger Dom go hálainn. Tógadh an eaglais sa 17ú céad.

Is féidir dul faoin ardeaglais agus fothrach den chathair Rómhánach Juvavum a fheiceáil. Bhí an chathair ann sa bhliain 200 C.E. Tá aistriúchán den inscríbhinn ar an gcloch thíos le fáil ar an bhfóigrín thuas. Gliogeáil le léamh.








Cuid den seanlár.




Sunday, February 6, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 45 -- Reilig Naomh Pheadair, Salzburg

Eaglais den Stift Sankt Peter. Bunaíodh sa 7ú céad ag Naomh Rupert. Tógadh an eaglais seo sa 12ú céad.

Spuaic Ostarach. Dún Salzburg sa chúlra.

Rinneadh cuid den "Sound of Music" sa reilig seo. Ach nílim cinnte -- an raibh na haisteoirí sa reilig é féin, nó an raibh siad i gcóip de i Hollywood?

Ar chúl na reilige, gearradh seomraí isteach sa charraig, na céadta bliana ó shin.
Mason an fear seo.

Cuimhneachán den dara cogadh domhanda.





Friday, February 4, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 21 - An Chraobhaigh Chaol






















Tá An Chraobhaigh Chaol suite go díreach in aice leis an mbóthar mór idir Cathair Sligeach agus Cathair Dún na nGall. Mar sin, téann a lán daoine ansin.

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 44 --Cathair Salzburg

Ritheann Abhainn Salzach tríd an gcathair. Is é seo an radharc tíre ó Dhún Salzburg.

Foinse i lár na cathrach. Gliogáil le méadú agus feicfidh tú na capaill.


Tá cúpla droichead ann. Dún Salzburg sa chúlra.

Rugadh agus tógadh Mozart i Salzburg. Mura raibh sé ann, ní bheadh an méid sin turasóirí sa chathair.