Sunday, January 30, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 20-- Ráth Mór

Chuamar go Cruachan Aí, atá gar do Thulsk i gContae Ros Comáin. Tá ráthanna mar seo i Wisconsin chomh maith; déanta ag na hIndiaigh míle bliain ó shin. http://dnr.wi.gov/org/land/parks/specific/aztalan/

Thóg mé an pictiúr seo i Wisconsin. Ráth ar chúl an tsonnaigh.

Gliogeáil le méadú.


Ráth Mór anseo.



Tá sé ard.


Agus tá an barr mór. Caithfidh tú siúl go cúramach -- mar gheall ar na ba.

B'fhéidir go raibh staighre nó doras anseo ar imeall an rátha, na céadta blianta ó shin.





Tuesday, January 25, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 43 -- cuimhneacháin den Holocaust i Salzburg

Gliogáil le méadú. Mhair na daoine marbha i gcuimhne a gcomharsan. Chonaic mé leacanna mar seo os comhair trí theach i Salzburg.

Sa Ghearmáin, ní fhaca mé cuimhneacháin den Holocaust, ach chonaic san Ostair. Le bheith cothrom leis, dúirt m'iníon liom go bhfuil neart cuimhneachán sa Ghearmáin, ach ní dhearnamar cuairt ar na háiteanna ina bhfuil siad.


Tá go leor leor turasóirí i Salzburg.

Monday, January 24, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 19 -- Teampall na gCailleach

Féach thíos. B'fhéidir go bhfuil Síle na Gig ar an taobh clé den áirse mhór seo.


Tá Teampall na gCailleach suite tuairim is leathmhíle ó Chlonmacnoise, ar bhóthar cúng i measc na bhfeirmeacha. Ní théann mórán turasóirí ansin.


Gliogáil le méadú.


An doras iomlán.




Cé hiad na hainmhithe anseo ar an doras? Madraí, muc, ??





Síle na Gig ar an áirse mhór? Agus muc thuas?







Muc eile, ceapaim.





Saturday, January 15, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 18 -- Céide Fields

Nuair a d'fhágamar Cathair Sligeach, thoghamar dul go Céide Fields i dtuaisceart Contae Mhaigh Eó. Bhí pobal ansin 5000 bliana ó shin. Is é seo thuas an dearcadh ón taobh eile den bhóthair. Tá tuaisceart Mhaigh Eó iargúlta is go hálainn.


Gligeáil le méadú. Tá faisnéis ann.

Teach ársa, 5000 bliana d'aois. Tá an chuid is mó de na tithe curtha go domhain sa phortach go fóill. Sáitear cuaillí iarainn isteach sa talamh chun na clocha a aimsiú. Ansin, rianaítear na línte le maidí bána. Tá líne de na maidí le feiceáil thuas sa phictiúr.



Cosán tríd an bportach.



An t-ionad cuarteoirí.
A thuilleadh eolais anseo:

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 42 Salzburg Untersbergbahn

Nuair a shroicheamar Salzburg ar an traein, bhí an lá te. Mar sin, chuamar ar an mbus go hUntersberg. Seo an bergbahn thuas.


Pictiúr a thóg mé ón Untersbergbahn ar ár mbealach suas.



Tá cosáin fhada ar barr an sléibhe.



Mise ar an sliabh agus cathair Salzburg thíos.




Berchtesgaden, ceapaim.

Bhí sé fionnuar ar na sléibhte, agus bhí lón breá againn ansin -- ispíní maithe is Stiegl Radler. Is maith liom Stiegl Radler.