Monday, November 21, 2011

Lacha le díol





In aice le mo seomra codlata tá clóiséad agam agus é ina phraiseach ceart. Thosaigh mé á ghlanadh an seomra seo caite. Tháinig mé ar an lacha seo; ba dhuais é i raifil fiche bliana ó shin. Chuir mé ar Ebay é, le díol ar cheant.

Dúirt m'fhear liom nárbh fhiú pingin amháin an lacha seo, toisc go bhfuil a sciathán briste.

Ach thug duine ag Ollscoil Oklahoma dom $12.50 air!

Thursday, October 20, 2011

Sualannach le linn óiche

Bhí mé i mo Shualannach ar feadh na oíche Dé Sathairn seo caite. D'oibrigh mo bhanna ceoil ar damhsa mór i Seattle. Seo chugaibh sampla d'fhidléireacht ar nós na Sualannach --


Sunday, August 28, 2011

Ar an mbóthar arís

Tá post samhraidh ar m'iníon gar don chathair seo. Chuaigh mé ansin ar an traein ar an deireach seachtaine.
An bhfuil a fhios ag duine ar bith? Cá raibh mé?
Bhí sé te. Tá siopa leabhar iontach sa chathair seo.


Wednesday, July 20, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 51 -- Fógraí i mBratislava

Rugadh mo sheansheanathair i Vel'ké Rovné i dtuaisceart Slóvakia. Ní raibh ainm a bhaile ar eolas ag a shliocht go bliain ó shin, nuair a fuair mé a fhógra báis (scríofa sa Slóvacach i tSiceágó sna tríochaidí) i mbosca ag teach mo thuismitheoirí. Chuir mé Béarla air, le cuidiú Foclóra, Graiméir Rúisis, is "Google Translate".
Chuamar ó Wien go Bratislava ar mbád trasna na habhann Donau maidin Domhnaigh agus chaith mé lá sa chathair. An-suimiúil, ach ní raibh mé in ann dul go Vel'ké Rovné.
Tá an fógra seo léir.


Tá an ceann seo cáiliúil. Bhí sráideanna na cathrach follamh maidin Domhnaigh, ach bhí na heaglaisí lán go béal.




Ar fud an domhain...


Huh??

Sunday, July 17, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 50 -- Wien Stephansdom

An chéad lá i Wien, chuamar go Konzert im Mozarthaus san oíche. Tá go leor Mozarthaus i Wien; ghluais Wolfgang ó háit go háit. Tá ár Mozarthaus suite in aice le Stephansdom, ardeaglais de Wien. Bhí an túr faoi dheisiú.


Cliceáil le méadú agus feicfidh tú ainmhithe ar an mballa. Nílim cinnte ar an fáth a bhfuil clochanna na heaglaise chomh dorcha sin, ach dódh an áit ag deireadh an dara cogaidh domhanda. Thit an díon anuas go talamh ag an am agus cailleadh na fuinneoga gloine deasa a bhí ann.




Díon nua.



Ní thuigimse an bhrí le 'F.I. 1831'.




An túr.










Sunday, June 19, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 32 -- Druim Chliabh

Cuireadh W. B. Yeats sa reilig ag Druim Chliabh. Tá seaneaglais bhreá ansin. Is maith liomsa na healaí ar an doras.


Deirtear go ndearnadh an cros seo sa 11ú nó 12ú céad, de réir Ardmhúsaem na hÉireann. Cliceáil le méadú. Nuair a bhí mé ag an Músaem, chonaic mé cóip de ansin. Is mór an trua é nach bhfuil cosaint ar an aimsir ag an gcros ag Druim Chliabh.



Deirtear go ndearnadh an cloigtheach seo sa 10ú nó 11ú céad agus bhuail splanc thintri é sa bhliain 1396.



Cuireann Ben Bulben na 'mesas' d'Arizona i gcuimhne dom.



Wednesday, June 1, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 31 -- Contae Mhaigh Eo

Lá amháin chuamar ó Chathair Sligeach go Cathair na Mairt inár gcarr, trí Chontae Mhaigh Eo. Níl a lán daoine sa tír sin. Cliceáil le méadú.



Cósta Mhaigh Eo.



Ní fhacaimid fiú feithicil amháin ar an mbóthar nó duine ar bith anseo.












Friday, May 6, 2011

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 49 -- Das Wiener Naturhistorische Museum

I ndiaidh cuairte ar an Staatsoper, shiúlamar go dtí an Naturhistorische Museum. Thóg mé an pictiúr seo den Venus de Willendorf. Coinneaítear i seomraín bheag dorcha í. Tá cíoch amháin níos mó ná an ceann eile, cosúil mar atá siad ag neart ban, go háirithe go díreach iar dtabhairt na gcíche do leanbh. Tá sí go hálainn. Cliceáil le méadú.




Tá stíl ornáideach istigh sa musaeum agus ar fud na cathrach.











An foirgneamh.




Suíonn Maria Teresa i lár na cearnóige idir an Naturhistorische Museum agus an Kunsthistorische Museum.

http://www.nhm-wien.ac.at/en


Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 30 -- Loch Dearg

Le teann fiosrachta, chuamar go Loch Dearg.



Oileán Stáisiúin anseo. Ní féidir leat dul ar an oileán mura bhfuil tú ar oilithreacht.









Cliceáil le méadú. Bád a thug daoine trasna an locha na blianta ó shin.




Níl a lán daoine ina gcónaí ansin.

Tuesday, March 29, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 29 -- Ceann Léime

Lá amháin chuamar i gcarr timpeall ar Iarthar Chláir. Tá Ceann Léime ag deireadh an bhóthair. Chonaic mé gruaig na maighdean mhara ansin. Cliceáil le méadú.

Tá droichead nádúrtha ann.


Bhí capaill ag innilt. Ba chuma leosan an radharc.


Ar fud na hÉireann, chonaic mé fógraí a dúirt 'Loose Chippings'. Sa deireadh, d'aimsigh mé foinse na 'Loose Chippings' in aice leis an teach solais ag Ceann Léime.

Sunday, March 20, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 28 -- Baile an Tobair

Chuamar go Mainistir Bhaile an Tobair. Bunaíodh sa 13ú céad é. Deirtear gur thosaigh Naomh Pádraig ar a shiúl go Cruach Phádraig anseo. B'fhéidir go raibh na clocha seo thuas i mbóthar ársa.



















Wednesday, March 16, 2011

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 27 -- Cruach Phádraig 3

Cliceáil le méadú agus feicfidh tú Leaba Naomh Pádraig.

Siúl trí uaire go leith a bhí ann, más buan mo chuimhne. Tá séipéal beag ar an mbarr.


Radharc ó bharr an sléibhe.

Radharc eile.