Friday, November 26, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 36 -- Rauchen kann tödlich sein



Is fuath liom an tobac. Chonaic mé go leor leor daoine a chuaigh san uaigh ag aois ró-óg mar gheall ar an ailse agus daoine eile nach féidir a anáil a tharraingt go maith mar gheall ar na toitíní. Agus na taomanna croí, na géaga dá gcailliúnt, srl.

Nuair a bhí mé ag Aerfort Copenhagen i 2007, chonaic na fograí thuas ar bhoscaí toitíní. Fógraí an-deas, dar liomsa.




Chonaic mé an fógra seo ar bhalla i lár Mhiúinich. "Rauchen kann tödlich sein" -- is féidir leis an tobac a bheith marfach, nó rud mar sin. Smaoineamh an-mhaith, dar liomsa.

Monday, November 22, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 14 -- Túr Mhic Cárthaig ag Clonmacnoise




Tá cloigtheach eile ag Clonmacnoise, ach níl sé chomh mór le Túr Uí Ruairc.

Ón "Treoir do Chuairteoirí" a fuair mé san áit --


"Ag dul síos go dtí an chuid den reilig is gaire don tSionainn, tagaimid ar an eaglais ón 12ú aois agus ar an gcloigtheach beag atá ceangailte léi i dTeampall Fhinín, ar a dtugtar freisin Eaglais Mhic Cárthaig. Tá sí ar an mbeagán eaglais i gCluain Mhic Nós a bhfuil corp agus córlann ar leith inti. Is dóigh gurb é an dáta 1160-1170."

Friday, November 19, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 13 -- Túr Uí Ruairc ag Clonmacnoise

Gliogáil le méadú, le do thoil. Tá dhá chloigtheach ag Clonmacnoise. Is é an ceann is mó é Túr Uí Ruairc.

Tabhair faoi deara an ionad cuarteoirí ar an taobh clé den phictiúr.
Tá sé go deas.
Túr Uí Ruairc ó bhruach na Sionnainne.





Chuamar go Clonmacnoise go moch ar maidin, roimh na busanna. Ní raibh daoine eile ansin agus bhí an áit ciúin is go hálainn.




Thursday, November 18, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 12 -- Cloigtheach i gCill Dara

Go bhfios dom, níl ach dhá chloigtheach in Éirinn is féidir dul suas ann. Is é seo an ceann atá i gCill Dara, ar chúl na heaglaise. Bhí na daoine an-deas -- seanfhear a bhí ina fheidhmeannach ag an músaeum san eaglais agus a dheirfiúr a thug airgead ó na turasóirí ag bun an túir.

Tá ocht nó naoi ndréimire istigh sa túr, más buan mo chuimhne.


Bhain mé an barr amach. Radharc álainn de Chontae Chill Dara. Níl a fhios agam ar an fáth a bhfuil fál sreinge ann -- cosaint ar na héin? ar an ngaoth? ar an bhféinmharú??

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 35-- Schloss Nymphenburg



Na blianta ó shin, bhí Schloss Nymphenburg, Pálás Rí an Bhaváir, amuigh faoin tír. Anois, tá sé sa chathair agus chuamar ansin ar thram. Níl na foirgnimh suimiúil, ach tá gairdíní iontacha ann. Chaitheamar leath an lá ansin.
Tabhair faoi deara go bhfuil ealaí san uisce. Ba shiombail de ríthe an Bhaváir iad na healaí.

Tuesday, November 16, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 11 -- Eachtra bheag i gCeathrú Mhór

Gliogáil le méadú, le do thoil, agus feicfidh tú ba i bfhad ó na clocha.
Bhí mise, mo dheirfiúr is m'iníon ag feiceáil ar an dolmán agus chualamar béic. Ach ní raibh duine le feiceáil againn. Leanamar an bhéic agus chonaic fear ar an talamh i bhfad uainn. Seanfhear a bhí ann, a thuit anuas go talamh cúpla uair roimhe sin agus ní raibh sé in ann seasamh. Shnámh sé tríocha nó daichead troigh suas ar chnoc le deacracht.
Ba léir dom nach raibh cnámh briste aige. Ghlac m'fhear lena dhroim agus thug mé mo lámha dó agus bhíomar in ann é a éirí ina sheasamh. Shiúil mé thíos an cnoc agus tharraing a mhaide as an láib.
Shúileamar taobh leis ar feadh tamaill, ach bhí sé slán agus d'fhágadar slán aige.

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 10 -- Reilig na Ceathrú Móire

Tá Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire gar don chathair Sligeach. Mar sin, bhí a lán turasóirí ag an ionad cuairteoirí. Thugamar turas tionlacha ar chúl an ionaid agus fuair mapa le treoir go dtí an Ceathrú Chaol ansin.
Níor chuaigh na turasóirí trasna na sráide, áit ina bhfuil clocha suimiúla idir na feirmeacha. Is maith liomsa an slua a sheachaint, agus mar sin shiúileamar go dtí an taobh thall den tsráid.

Seo chugaibh cúpla pictiúr a thógamar ansin.












Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 34-- Miúnich le mothú is le feiceáil

Gliogáil le méadú, más é do thoil é.
Tá an samhail seo den seanchathair suite taobh leis an bhFrauenkirche. "Miúnich le mothú is le feiceáil". Is léir gur chuir a lán daoine a méara ar na túir.

Is Karlstor é seo, ceann de na ceithre geata de SheanMhiúnich. Tá cuma nua ar an ngeata agus measaim gur thuit na buamaí anuas ar an seangheata i rith an chogaidh. Karlsplatz is ainm don áit seo; níl cead ar na carranna dul isteach air.

Sunday, November 14, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 9 -- Oileán Boa 2

Gliogáil le méadú, le do thoil.

Thóg m'fhear na trí ghriangraf seo. An Cloch Lustymore thuas.



An taobh thíar de "Janus Statue".


An taobh thoir den "Janus Statue".



Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 8 -- Oileán Boa

Gliogáil le méadú, más é do thoil é.
Lá amháin, chuamar timpeall ar Loch Éirne i gcarr agus rinne cuairt ar seanreilig ar Oileán Boa atá i dtuaisceart an locha. Tá droichid ghearra idir an oileán agus an bóthar mór. Is ceannbhrat é an rud gorm ar an lár. Ba chóir dó a bheith ag cosaint na ndealbh.

"Janus Statue" cáiliúil anseo.

Seo grianghraf de thaobh na deilbhe. Nod leat go bhfuil eang ar a cheann.


Seo m'iníon ag scrúdú na mbonn a d'fhág daoine ar an gcloch. Tabhair faoi deara go bhfuil lámha ar an gcloch sin.
Tá cloch mhór eile, ó Oileán Lustymore le feiceáil chomh maith.



Friday, November 12, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 33-- Túr Frauenkirche

Gliogáil le méadú, le do thoil. Feicfidh tú Marienplatz ón aer.

An radharc soir ón Tur.

An radharc ó dheas. Gliogáil le méadú agus feicfidh tú spoir Sliabh Alpa.
Tá dhá thúr san Fhrauenkirche agus is féidir dul suas i gceann acu. Tá se 323 troighe in airde. Tá staighre fada ann, ach tá ardaitheoir ag deireadh na staighre, agus mar sin, níor sé deacair dúinn dul suas. Radharc breá atá ann.


Tuesday, November 9, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 7 -- Tobar Ogulla





Gliogáil le méadú agus feicfidh tú ofrálacha na ndaoine.
D'inis bean san ionad cuarteoirí linn an scéal faoin Tobar Ogulla, áit a baisteadh Naoimh Eithne agus Fidelma ag Naomh Pádraic.
Tháinig an foirgneamh beag gloine sa dara phictiúr ó Chnoc Mhuire sna hochtaidí. Dúirt an Papa John Paul II an t-aifreann istigh san fhoirgneamh nuair a chuaigh sé go Cnoc Mhuire i 1979.

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 6 -- Tulsk Abbey





Tá Rath Cruachán in aice le Tulsk i gcontae Ros Comáin. Tá ionad cuarteoirí deas ansin, agus scannán gearr faoi Chruachán Aí acu san ionad.
Ina dhiaidh sin, shiúileamar trasna na sráide go fothrach Tulsk Abbey agus an reilig atá ansin. Fothrach álainn atá ann.
Triúr ban agus fear Síneach -- bhí cúpla duine fiosrach agus tháinig chugainn agus thosaigh ar chomhrá linn. Tharla sin i mbailte beaga eile chomh maith.





Monday, November 8, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a 5 -- an tEiscir arís

Thóg mé an pictiúr seo ar ár mbealach ó Shannonbridge go Clonfert, agus ceapaim gur Eiscir é an droim seo. Níl fraoch ann, ach plandaí eile, agus tá sé níos airde ná an portach.

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a ceathair -- an tEiscir

Gar do Chlonmacnoise, ag Shannonbridge, bhí an "Clonmacnoise and West Offaly Railway". Thug an traein na turasóirí thart ar an "Blackwater Bog". Is áit tionsclaíoch é, míle nó dhó ó mhonarchan móna.
B'fhéidir linn an tEiscir a fheiceáil ón traein. Is droim é, níos airde ná an portach. Níl sé sábháilte siúl trasna an phortaigh mar gheall ar na poill doimhne.
Dúradh linn gur thochail fear bocht as poll sa phortach cúpla seachtain roimh ár gcuairt agus éadaí den 17ú céad airsean.
Ach is bóthar maith gan chontúirt é an tEiscir.

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 32 --Antiquarium



Tá halla mór sa Residenz, an 'Antiquarium'. Tógadh sa 16ú céad ag rí a raibh bailiúchán de seandealbha ón Róimh aige. Tá na ballaí clúdaithe ag pictiúir den Bhaváir.
Tá an seomra 200 troithe ar a fhad.

Friday, November 5, 2010

Mo Thuras go Lár na hEorpa, cuid a 31 --Miúinich Residenz


Roimh an gCéad Chogadh Domhanda, bhí ríthe ag an mBaváir. Bhí pálás mór acu i Miúnich, gar don Mharienplatz. "Residenz" is ainm don phálás.
Chuamar ann. Bhí an lá te. Bhí na daoine ansin leathscéalach toisc go raibh tionscnamh feabhsúcháin ar siúl agus bhí cuid den phálás dúnta. Tá an áit an-mhór agus tá gach rud istigh maisithe is costasach.
Rith liom gur íoc daoine bochta as na rudaí sin trí mheán na gcánach na blianta ó shin.
Thar éis siúl thart ar fiche nó tríocha seomraí saibhre mar seo, bhí ár ndóthain feicthe againn agus d'fhágamar an áit.

Thursday, November 4, 2010

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a trí --Ceathrú Chaol arís

Thóg m'fhear an grianghraf deas seo thuas d'uaigh a chonaiceamar, ach ceapaim nach raibh mé istigh sa cheann seo.



Chuamar in uaigh eile a bhfuil pasáiste fada ann. Is féidir seasamh sa seomra istigh. Tá mo dheirfiúir ar a bealach amach sa phictiúr seo.


Thóg mé an pictiúir seo den pasáiste ón taobh istigh.

Pictiúir a thóg mé in Éirinn cuid a dó --Ceathrú Chaol Cairn G taobh istigh





























Bhí sé an-dorcha istigh sa 'Cairn G' agus, mar sin, sheas mé agus thóg pictiúir de na ballaí nach raibh mé in ann féacháil mar gheall ar easpa solais