Thursday, September 23, 2010

Cois Móire ceist -- cad é an 'Clárach'?

Nuair a rinne Annraoi Ó Liatháin cuairt ar Sráid an Mhuilinn Domhnach na Cásca sna caogaidí, chonaic sé 'Clárach' os cionn an bhaile.
Níl a fhios againn cad a bhí i gceist aige. Seo chugat sliocht as an leabhar --
"Bhí Clárach crochta ina thulach dhonn os cionn an bhaile agus an chrois a tógadh ar a bharr i rith na Bliana Naofa ina comhartha dubh in aghaidh na spéire."
Go raibh maith agat.

8 comments:

  1. Sliabh, ón gcur síos.

    Caithfidh mé súil ar léarscáil anocht.

    ReplyDelete
  2. Fágfaidh mé an jab ag Aonghus, a Liz, ó tharla gurb é is fearr ag plé leis na nithe sin...;-)

    ReplyDelete
  3. http://maps.google.com/maps?f=q&source=s_q&hl=en&geocode=&q=Millstreet,+Cork,+Ireland&sll=37.0625,-95.677068&sspn=40.732051,78.310547&ie=UTF8&hq=&hnear=Millstreet,+County+Cork,+Ireland&ll=52.059668,-9.062862&spn=0.061954,0.15295&t=h&z=13

    Tá Claraghmore agus Claraghatlea luaite ar an léarscáil sin; sílim gur cnoc ceann acu nó an dá cheann.

    ReplyDelete
  4. Iontach, a Aonghuis! Go raibh maith agat.

    ReplyDelete
  5. "Ceo ar Mhuisire agus Clárach lom, an comhartha báistí is fearr ar domhan."

    Agus is fíor don té a dúirt é.

    ReplyDelete
  6. Sílim go bhfuil grianghraf agam áit éigin ag breathnú ar Shráid an Mhuilinn ó Mhuisire Mór, le Clárach sa chúlra. Más féidir liom teacht air cuirfidh mé suas é.

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat, a Dhubhaltach, tá do ghrianghrafanna go hálainn.

    ReplyDelete